Ineacs
Moll Dubh a' Ghleanna
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
()
Tá ba agam ar shliabh 's níl duine 'gam 'na ndiadh
Ach mé do mo bhuaidhreadh leofa
Bíodh idir mise is Dia má's orthu 'tá mo thriall
Is bhain siad mo chiall go mór uaim
Curfá:
'Sí Moll Dubh a' Ghleanna í
'Sí Moll Dubh an Earraigh í
'Sí Moll Dubh is deirge ná 'n rósa
Is dá bhfaighinnse féin mo roghainn de mhná ógá deasa 'n domhain
'Sí Moll Dubh a' Ghleanna ab fhearr liom
Mise bheith gan mhnaoi feasta choíche ní bhím
Is Moll Dubh bheith i dtús a h-óige
Och, is fann guth an éin a labhras leis féin
Ar thulaigh nó ar thaobh na monadh
Curfá
Is ag Moll Dubh a' Ghleanna, tá mo chroi-se i dtaiscí
'S í nach bhfuair gúth na náire
Is go ceillí, múinte, cneasta a dúirt sí liom ar maidin
'Ó imigh uaim 's nach pill go brách orm!'
Curfá
Níl 'n óganach geanúil ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh
Is timpeall go h-Umhaill Uí Mháinnle
Nach bhfuil a dtriall uilig 'na ghleanna ar eacraidh slime sleamhainne
I ndúil leis an bhean dubh a b'aille
Curfá
macsuibhne.com/amhran/