Ineacs

Ar ais

Casadh an tSúgáin

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

A Rí na bhfeart cad do chas ins a' dúiche seo mé?
'S gur mó cailín deas a gheobhainn im' dhúthaigín beag féin;
Gur casadh mé isteach mar a raibh searc agus rún geal mo chléibh,
Is chuir an tseanbhean amach mé ag casadh an tsúgáinín féir.

Cúrfá:
Má bhíonn tú liom, a stóirín mo chroí,
Ma bhíonn tú liom, bí liom os comhair an tsaoil;
Ma bhíonn tú liom, bí liom gach orlach de do chroí,
Is é mo lom go fann nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoí

Tá mo cheannsa liath le bliain is ní le críonnacht é,
Ní bheathaíonn na briathra na bráithre pé sa domhan scéal é;
Is táim i do dhiaidh le bliain is gan fáil agam ort féin,
Is gur geall le fia mé ar sliabh go mbeadh gáir chon ina dhéidh.

Curfá

Do threabfainn, d'fhuirsinn, chuirfinn síol ins a' chré,
'S do dhéanfainn obair shocair, álainn, mhín, réidh,
Do chuirfinn crú fén each is mire shiúil riamh ar féar,
Is ná héalaodh bean le fear ná déanfadh san féin.

Curfá


macsuibhne.com/amhran/