Ineacs

Ar ais

Caitlín Tiriall

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(le Cathal Buí Mac Giolla Ghunna 1690-1756)

Ó an oíche seo ag sioc agus fuar,
Agus d'éalaigh mo ghrása le fear eile uaim,
A ghrua dheas lasta is a bhéilín bhinn,
Is a Chití a stór, breoite tinn.

Is í Cití a mhearaigh is a bhreoigh mo chiall,
Is a d'fhág ag osnaí' go mór 'na diaidh,
Is é monuar go bhfuair mise léann ariamh,
Nuair a léigh do litirse, a Chaitlín Tiriall.

Níl toint' ar mo bhrollach nár lig le gaoth,
Is fhágaim an baile phillfidh choich',
Tháinig lionndubh ar m'aigne agus d'athraigh mo chiall,
Is nach trom sin ar d'anamsa, a Chaitlín Tiriall.

Ó gheall tusa domhsa agus gheall dhó,
Nach ndéanfá mo mhalairt anois go deo,
go bhfaca tusa is an fear údaí ag ól,
Is i gcúl an tom dreasóig' is mug leanna in do dhorn.

Níl is níl gamhain is níl caoire amháin,
Ó bhruach Loch Oirgheall go malaidh an tsléibh' bháin,
Nach dtabharfainn do Chití ar an aon phóig amháin,
Is nach í a leigheasfadh an arraing frid mo lár.

Ó shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar,
Sligeach na long agus Bhaile Átha Cliath,
Macasamhail mo chailín fhaca ariamh,
go dtáinig 'na bhaile ionsar Chaitlín Tiriall.

Is nach an fear mallaithe i ngrá le bhliain
Is go mb'fhearr liom bean agam a bhfaca ariamh
Ó fuigfidh na hAspail is an Eaglais uaim siar
Agus leanfaidh go héag , a Chaitlín Tiriall.


macsuibhne.com/amhran/