Ineacs

Ar ais

BĂ©ithe na Taise

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Diarmaid Ă“ Tuama)

Ó, Béithe na Taise, níl deireadh go fóill lena réim;
'Sea d'fhanadar liomsa 's mé thíos is in achrann an tsaoil;
Do bhronnadar a gcompord 's a n-amhráin do roinn liom go séimh;
Ó, go mbuaile siad leatsa ar d'aistear i gcóngar 's i gcéin.

'Sea, tusa, a chaithfidh fáil réidh leis an bhfadhb i do chroí,
Tá 'n réiteach id' ghaolta 's id' anam bocht cloíte gan bhrí;
Bhíos féin mar an gcéanna is tuigims' an léan seo od' chloí;
'S mura mbraitheann tú naofa, tá 'n peaca i ngreim ar do ghuí.

Ă“, do luĂ­odar lem' thaobhsa is dheineas-sa faoistin go pras;
Do leagadar a lámh' ar mo shúile 's an drúcht bhí go deas:
Más duilleog do bheatha a fhágann na séasúir gan snas,
Ceanglófar le grá thú 's beidh úire id' anam mar ghas.

Chodlaíodar 's mé 'g imeacht; go mbuaile siad leatsa, a lao;
Ná tabhair leat aon tóirse, is léir iad faoi sholas na ré;
'S ní bheadsa in éad leat má chaithid ar aon leat go séimh;
Níor ghrámar mar sin: is do bheadh sin i gceart, mar sin féin.


macsuibhne.com/amhran/