Ineacs

Ar ais

Amhrán an tSagairt nó "An Sagairt a thit i ngrá le mnaoi óg"

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.osiochru.com/content/searc-mo-chl%C3%A9ibh-lyrics ]

Ó is tráthnóinín aoibhinn ar faoidheachtaint na gréinne,
'Sea do chonnacsa mo dhian-ghrá is í ag amhrán na h-aonar.
Ó do shuíosa cois tortáin agus d'éisteas léi tréimhse
Is gur bhinne liom bheith á pógadh ná ag ól fíon na Gréige.

Ar maidin Dé Domhnaigh agus deabhadh orm go dtí an tAifreann
Cuirimse orm mo léinne is an éide bhreá bheannaithe.
Nuair a chím chugam mo riúnach luíom súil uirthi i ngan fhios dóibh
Mar ní ar Mhuire a bhím ag cuimhneamh ach ar Bhríde, is í a chealg mé.
Nuair a thagann an oíche agus luíom chuig mo phaidire
Mo leabhartha a bhíonn im thimpeall is mo Bhíobla im aice.
Ní bhainim aon bhrí as, ná in aon chor aon tairbhe
Mar ní ar Mhuire a bhím ag cuimhneamh, ach ar Bhrídeach na mallan ghlas.

'S a shagairt na n-aedh istigh, cuirim féinig suas feasta dhíot
Ó do ghabhaise i dtúis do shaoil chugat ó mar chéile Muire Bheannaithe.
Thugais leabhar éithigh ná déanfá go deo athrach
Agus cucól ní dhéanfad ar Éirinn do bhean in aithne

A Bhrídín dheas spéiriúil, ná déan sí sin ormsa,
Mar go n- imeoim ón saol seo, ní baoil duit Muire Bheannaithe.
In am lena chéile ó léar smacht na sagart súd
Agus ragham go dtí an Teampall, mar a labhrann na Protistínigh.

Agus éirigh i d'shuí a Bhrídeach agus cóiríg an leaba dhúinn
Agus fágaise rí-shlí bheag ó go luíodsa i'd aice-se.
Mar gur thréigeasa mo cháirdibh ó dtaobh máthar is athar dhom
Ó do thug suas i léinn mé ó go léifinn leabhair Laidine.


macsuibhne.com/amhran/