Ineacs

Ar ais

Is leatsa í

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.edco.ie/_fileupload/6th%20Class%20-%20Abhar%20Fotachoipeala.pdf ]

Thaistil mise soir is siar ag tóraíocht na gréine;
ag maireachtáil faoi spéartha nach bhfaca scamall riamh.
Is le linn dom bheith ag taisteal liom sna tíortha sin i gcéin,
bhíos ag éisteacht leo ó dhubh go dubh ag labhairt a dteanga féin!

Tá Fraincis ag na Francaigh. Tá Gréigis ann sa Ghréig.
Tá Iodáilis ag na hIodálaigh. Bíodh Gaeilge ag na Gaeil.

'S bí ag caint, bí ag spraoi mar is leatsa í mar Ghaeilge,
Ach ní mhairfidh sí má thugann tú do chúl léi.
Bí ag caint. Bí ag spraoi. Déan áit don teanga i do chroí.
Déan spás don teanga i do chroí is mairfidh sí beo.

Is leatsa í. Is leatsa í. Is leatsa í. É,Ó,Ó,Ó
Is leatsa í. Is leatsa í. Is leatsa í. É,Ó,Ó,Ó

Táimid bródúil as an oileán seo. Ní féidir é a shéanadh.
Ar áilleacht is ar thraidisiún tógann sí an chraobh.
Is muidne síol na gCeilteach groí. Is muidne síol na dtréan.
Ach cad is fiú bheith Ceilteach gan do theanga Cheilteach féin?

'S bí ag caint, bí ag spraoi mar is leatsa í mar Ghaeilge,
Ach ní mhairfidh sí má thugann tú do chúl léi.
Bí ag caint. Bí ag spraoi. Déan áit don teanga i do chroí.
Déan spás don teanga i do chroí is mairfidh sí beo.

Is leatsa í. Is leatsa í. Is leatsa í. É,Ó,Ó,Ó
Is leatsa í. Is leatsa í. Is leatsa í. É,Ó,Ó,Ó


macsuibhne.com/amhran/