Ineacs

Ar ais

Galánta, a Stór

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama 'Wonderful Tonight')

An oíche ag titim.
'S í á gléasadh féin le fonn,
Is socraíonn a sméideadh
Is cíorann a dlúthfholt donn
Agus fiafraíonn, "'Bhfuil mé 'gceart mar seo?"
Is é deirim: "'S tú tá galánta anocht!"

Amach linn chuig cóisir
Is casann gach éinne súil
Ar spéirbhean mo chroí-se
Is í le mo thaobh ag siúl
Agus fiafraíonn, "'Bhfuil tú 'gceart mar seo?
Is é deirim: "Braithim galánta anocht!"

Braithim galánta
Mar tchím-se an grá atá id shúil'!
Is an rud atá om chiapadh
Ná nach dtuigeann tú go fóill
An grá atá im' chroí.

Mo chloigeann ag scoilteadh,
'S muidne ag filleadh ('r ais) chun tí,
Rinn' sise an tiomáint
Is d'iarr orm teacht a luí
Is dúirt mé léi, 's na soils' ag dul i ndísc
Dúirt mé léi, "Bhí tú galánta anocht!"
Dúirt mé léi, "Bhí tú galánta anocht!"


macsuibhne.com/amhran/