Ineacs

Ar ais

Dómhnall Óg

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Thug mé grá dhuit is mé beag bídeach,
Chuir mé barr air is mé mór milteach
Níorbh é sin an grá a thug an t-uan don chaora
Ach grá buan daingean nárbh fhéidir a scaoileadh.

Is a Dhómhnaill Óig má théirse thar farraige
Tabhair mé féin leat is ná déan dearmad
Mar beidh a'd féirín lá aonaigh is margaidh
Is iníon Rí Éireann mar chéile leapan a'at.

Ó gheall tú dhomsa 'gus rinne tú bréag liom
Go mbeifeá romham ag cró na gcaorach
Lig mé fead ort is dhá chéad béice
Ach ní bhfuair mé romham ach na h-uain a' méileach.

Ó siúd é an Domhnach a dtug mé grá dhuit
An Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásca
Is tú ar do ghlúine a' léamh na Páise,
Ach bhí mo dhá shúil ag síor-thabhairt grá dhuit.

Ó chuir tú amach mé is bhí an oíche báisteach
Fuair mé leagan i mbéal na bearnan
Níor dhúirt tú "Dia linn" is bhí tú i láthair
Is bhíos a'msa an uair úd go raibh fuath ag mo ghrá dhom.

Ó dúirt mo mháithrín liom gan labhairt leat
Inniu ná amáireach ná Dé Domhnaigh
Nach deireanach a stór a fuair mé an fógra
'Sé an fál ar a' bpáirc é i ndiaidh na foghla.

Ó tá mo chroíse chomh dubh le áirne,
Nó le gual dubh a dhóighfí i gceárta,
Nó le bonn bróige ar hallaí bána,
Is tá an lionndubh mór mór os cionn mo gháire.

Nuair a théimse síos ag Tobar an Uaignis
Suím síos ann ag déanamh buairimh
Nuair a fheicim an saol is nach bhfeicim an buachaill
A raibh dath an óir bhuí ar a chúilín gruaige.

Ó bhain tú thoir agus bhain tú thiar díom,
Bhain tú an ghealach gheal is an ghrian díom,
Bhain tú an croí seo bhí i lár mo chléibhe díom
Is nach rí-mhór é m'fhaitíos gur bhain tú Dia díom.


macsuibhne.com/amhran/