Ineacs

Ar ais

An Áit sin is gile lem' Chroí

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

Go an bháis rachaidh cuimhní liom ar ais
Ar an mbaile mór sin is gile lem' chroí
Nuair a d'imrímis cleas taobh le falla chlós an gháis
's muid ag rince 's ag súgradh go groí.
Siúd abhaile sa bháisteach linn ar an gcosán
Thar an bpríosún is síos taobh thiar den fhuarán;
B'iad na laethanta sin a bhí lán den spórt is spraoi
Ins an áit sin is gile lem' chroí.

Ó, bhí ceol go diail i nDoire Cholmcill'
I dteanga a thuigeamar uile ar aon;
Is cuimhin liom an a thuill mo chéad phá
Nuair a sheinn im' bhanna ceoil féin.
Ann a shuigh go te ón chliabhán i leith,
'S ba le croí dubh duairc a d'fhág slán leis;
Ann a bhí im' naí, ann a phós grá mo chroí
Ins an áit sin is gile lem' chroí.

Le fáinne an lae gan fiú an cupán tae
Mná ' dul chun oibre in áit fhear a' ;
Bhíodh na fir ar an dól 's iad sa bhaile go fóíll
ag siúl leis an madadh cois claí.
Is trí chruatan an tsaoil bhímis minic ar chuid chaol,
Ach ar aghaidh linn go tréan gan fiú an gearán,
Mar ionainn isti' bhímis bródúil mar
As an áit sin is gile lem' chroí.

Ó, ba thrua mo chás nuair a tháinig ar ais
Ar fheiceáil mo mhuintir' go fann is go tréith
Ag trealamh an áir, tithe leagtha ar lár,
Is an deoirghás go tiubh ar an ngaoth.
'Nois 'n t-arm go práis taobh le falla chlós an gháis,
'S an tranglam sreangán ar gach taobh dínn.
mo chathair gan bhri, níl aon rud mar a bhí
Ins an áit sin is gile lem' chroí.

'Nois 'n ceol ag trá, rud nár tharla dúinn gan fáth;
Táimid gonnta go mór, muid i gcónaí ar bís.
an dóchas 'nár gcroí', shárófar muid choích'
Ach ag fuireach le síocháin arís.
an dochar go tréan, féach an brón is an léan!
an seansaol imithe 's fhillfidh!
Bead go deo ag guí go mbeidh fós mar a bhí
Ins an áit sin is gile lem' chroí.


macsuibhne.com/amhran/