Ineacs

Ar ais

Slán Cois Máigh

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Ó slán is céad ón dtaobh so uaim
Cois Máigh na gcaor na gcraobh na gcruach
Na stát, na séad, na saor, na slua
Na ndán, na ndréacht, na dtréan gan ghruaim.

Och, ochón is breoite mise
Gan chuid, gan chóir, gan chóip, gan chiste
Gan sult, gan seód, gan spórt, gan spionnadh
Ó seoladh mé chun uaignis.

Ó slán go héag dá, saor-fhir suairc
Dá dáimh, dá cléir, dá héigs' dá snua
Dom' cháirde cléibh, gan chlaon, gan chluain
Gan cháim, gan chaon, gan chraos, gan chruas.

Och, ochón is breoite mise
Gan chuid, gan chóir, gan chóip, gan chiste
Gan sult, gan seoid, gan spórt, gan spionnadh
Ó seoladh mé chun uaignis.

Is fánach faon mé is fraochmhar fuar
Is táim lag tréith is tromach trua
I mbarr an tsléibhe gan aon monuar
Im pháirt ach fraoch agus gaoth aduaidh.

Och, ochón is breoite mise
Gan chuid, gan chóir, gan chóip, gan chiste
Gan sult, gan seoid, gan spórt, gan spionnadh
Ó seoladh mé chun uaignis.

Don tsráid nuair théim mar aon ar cuaird
Ní háil leo mé is ní raghad lem' chluain
Bíd mná le chéile ag plé dá luadh
Cá háit, cé hé, cá taobh nár ghluais?

Och, ochón is breoite mise
Gan chuid, gan chóir, gan chóip, gan chiste
Gan sult, gan seoid, gan spórt, gan spionnadh
Ó seoladh mé chun uaignis.

Ó slán dá n-éis dá béithe uaim
Dá mná go léir dá scéimh dá snuadh
Dá gcáil dá gcéill dá gcaon dá gcuaird
Dá bpráisc dá bplé dá méinn dá mbua.

Och, ochón is breoite mise
Gan chuid, gan chóir, gan chóip, gan chiste
Gan sult, gan seoid, gan spórt, gan spionnadh
Ó seoladh mé chun uaignis.

Ó slán tar aon don mhéin ná luaim
Sí an bháin-chneis bhéasach bhéal-tais bhuach
Chuir trácht chun sléibhe mé i gcéin im' ruaig
Sí grá mo chléibh 'bé i nÉirinn cuach.

Och, ochón mo bhrón mo mhilleadh
An iomarca an óil is póga bruinneal
Chuir mise dem ló gan fód gan fuithin
Is fós gan iomad fuadair.


macsuibhne.com/amhran/