Ineacs

Ar ais

Táim Sínte ar do Thuama

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Táim sínte ar do thuama agus gheobhair ann de shíor .
mbeadh barra do dhá láimh agam, scarfainn leat choíche.
A phlúirín is an tsearc ann domsa luí leat.
Mar boladh fuar na cré uait, dath na gréine is na gaoithe.

Is nuair is dóigh le mo mhuintir go mbímse ar mo leabaigh.
Is ar do thuama sea a bhím sínte ó oíche go maidin.
Ag cur síos ar mo chruatan is ag cruaghol go daingean.
mo chailín chiúin, stuama do ghluais liom ina leanbh.

Is na sagairt is na bráithre gach liomsa i bhfearg.
D'fhonn a bheith i ngrá leat a stórmhnaoi is marbh.
Dhéanfainn foithnín ón ngaoth duit, is díon díot ón bhfearthainn.
Agus brón ar mo chroíse a bheith thíos ins an talamh.

Is an gcuimhin leatsa an oíche úd a bhíosa agus tusa.
bhun an chrann draighnigh, is bhí an oíche ag cur cuisne.
Céad moladh le hÍosa nár dheineamar an milleadh.
Is go bhfuil an choróin Mhaighdein mar chrann soilse inár gcoinne.

Is tabhair mo mhallacht dod' mháithrín is áirímse d'athair.
Is a maireann de do chairde gach faid a mhaireann.
Nár lig dom a phósadh is beo agam i do bheathaigh
Mar nach n-iarrfainn mar spré leat ach luí leat sa leabaigh.

Is brón ar mo chroíse atá líonta le grá dhuit.
Is an londubh taobh thíos atá chomh dubh leis na háirne.
Sara dtiocfaidh aon orm is go gcloífidh an bás
Ó béadsa i mo shí gaoithe romhat thíos ar na bántaibh.


macsuibhne.com/amhran/