Ineacs

Ar ais

Mo Cheallachín Fionn

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,

Is loingis faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.

Óra, chuaigh sé a' rith geallta, chuaigh sé a' rith geallta,
Chuaigh sé a' rith geallta, mo Cheallachín Fionn,
Chuaigh sé a' rith geallta i sliogáinín bairneach,
Is bhuach sé trí gheall, mo Cheallachín Fionn.

'Dul soir Cora Fhidhinse, 'dul soir Cora Fhidhinse,
'Dul soir Cora Fhidhinse 'sea chaith sé a stiúir,
'Dul soir Cora Fhidhinse, 'dul soir Cora Fhidhinse,
'S ní phósfadh sé anois nó go bhfaighe sé bád nua.

'S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é?
'S nach fada uaim siar é, mo Cheallachín Fionn?
'S nach fada uaim siar é, is ón gClochán ariar é
'S go seola Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.

Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
'Gus loingeas faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.

Óra, máistir báid mhóir é, óra, máistir báid mhóir é,
Óra, máistir báid mhóir é, mo Thomáisín Green,
Ní chraitheann sé an smól ach oibríonn sé an scód,
'S nach shin drochmheas mhór ar do Cheallachín Fionn?

Tá capall is carr, tá capall is carr,
Tá capall is carr i nGaillimh le mí,
Tá capall is carr, tá capall is carr,
Ag iarraidh gléas bainse don Cheallachín Fionn.

'S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é?
'S nach fada uaim siar é, mo Cheallachín Fionn?
'S nach fada uaim siar é, is ón gClochán aniar é
'S go seola Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.

Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
'Gus loingeas faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.

'Sé Páidín na hAirde, 'sé Páidín na hAirde,
'Sé Páidín na hAirde a chuir clár ina taobh,
'Sé Páidín na hAirde, 'sé Páidín na hAirde,
'Gus rigeáil sé amach í don Cheallachín Fionn.
'Sé mac Mháinín Mór é, 'sé mac Mháinín Mór é,
'Sé mac Mháinín Mór é, mo Cheallachín Fionn,
'Sé mac Mháinín Mór é, 'sé mac Mháinín Mór é,
As Baile Iorrais Mhóir é, mo Cheallachín Fionn.

'S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é?
'S nach fada uaim siar é, mo Cheallachín Fionn?
'S nach fada uaim siar é, is ón gClochán aniar é
'S go seola Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.

Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Is loingis faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.

Ag bun Chruach na Caoile, ag bun Chruach na Caoile,
Ag bun Chruach na Caoile is ea stríocann na báid,
Ag bun Chruach na Caoile, ag bun Chruach na Caoile,
Agus siúd é siar Green, is tá bratach ina chrann.

Ag tóin Sceirde Mór, ag tóin Sceirde Mór,
Ag tóin Sceirde Mór, tá soithigh mo lao,
Ag tóin Sceirde Mór, ag tóin Sceirde Mór,
Agus raiceáladh ceann acu is tháinig sí i dtír.

'S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é?
'S nach fada uaim siar é, mo Cheallachín Fionn?
'S nach fada uaim siar é, is ón gClochán aniar é,
'S go seola Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.

Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
Bád beag is bád mór ag mo Cheallachín Fionn,
Bád beag is bád mór, bád beag is bád mór,
'Gus loingis faoi sheol ag mo Cheallachín Fionn.

Bhí punt do Dhaideo is bhí punt do Mhamó,
'S bhí punt do Dhaideo ag mo Cheallachín Fionn,
Bhí punt do Dhaideo is bhí punt do Mhamó
'S an chuid eile len ól ag mo Cheallachín Fionn.

'S nach fada uaim siar é, is nach fada uaim siar é?
'S nach fada uaim siar é, mo Cheallachín Fionn?
'S nach fada uaim siar é, is ní fheicfidh mé i mbliana é,
'S go seola Dia aniar é, mo Cheallachín Fionn.

Is iúdail í, adail í, iúdail í, adail í,
Iúdail í, adail í, soithigh mo lao,
Is iúdail í, adail í, iúdail í, adail í,
Iúdail í, adail í, mo Cheallachín Fionn.

macsuibhne.com/amhran/