Ineacs

Ar ais

Bó na Leathadhairce

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

[ GRMA Edel NÍ Bhraonáin ]
[ http://www.binneas.com/B%F3%20na%20Leathadhairce.htm ]

Thíos cois na toinne is ea a beathaíodh mo chaora,
Ó, ag Diarmaid Ó Duilleáin ó Bharra na hUíne;
Mac dearthár athar dom a chuir le faill í,
Easpa tobac a bhí ar an gcladhaire!

Curfá:
, , na leathadhairce,
, ' an tseana chaora adharcach!
, , na leathadhairce,
dhroimeann dearg is fheadar bhfaighinn í.

B'fhearr liom scilling go bhfeicfinn mo chaora,
Teacht go dtí an doras ar maidin istoíche,
Thálfadh bainne dhom, bheathódh uan dom,
Chuirfeadh jeaicéidín deas ar mo bhuachaill.

Curfá

Chonacsa beirithe í, chonac á roinnt í,
Chuir mise dúil inti, is blúire bhfaighinn di,
Ó Nár dheas í! ó nár mheidhreach!
Ó Nár dheas í an tseana chaora adharcach.

Curfá

mbeinnse in rachmas, i ngradam is in oidhreacht,
Thabharfainnse guinea ar chúpla slice di,
Ó Nár dheas í! ó nár mheidhreach!
Ó nár dheas í an tseana chaora adharcach.

Curfá

D'íosfainn lán píce dhi, d'íosfainn lán oighinn di,
D'íosfainnse sliosar den tseana chaora adharcach
Ó Nár dheas í! ó nár mheidhreach!
Ó Nár dheas í an tseana chaora adharcach"


macsuibhne.com/amhran/