Ineacs

Ar ais

Tar Liúm, a Chailín, Liúm

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(Pádraig Ua Maoileoin)

Tá an samhradh ag teacht go buí
Agus duille ar chrainn go fairsing;
Tá nead ag cearca fraoigh
Is bláth buí ar bharr an aitinn.

Tar liúm, a chailín liúm!
Agus siúlfaimid le chéile
Go bhfaighimid nead an éin
Sa ghleann ag bun an tsléibhe.
Tar liúm, a chailín liúm!

Tógfad grianán duit
Agus thart air fál 'na sheasamh;
Agus cuirfidh mé ar a bharr
A bhfuil de bhláth ar bharr an aitinn.

Dá n-imeodh mo ghrá bán
Thiocfadh ceann 'na háit ar maidin
Ó thaobh an ghleanna bháin
Ón bhfraoch agus ón aiteann.


macsuibhne.com/amhran/