Ineacs

Ar ais

Úna Bhán

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(le Tomás Mac Coisdealbhaigh)

Na cheithre Úna, na cheithre Aine, na cheithre Máire 's na cheithre Nóra,
Na cheithre mná ba cheithre bpeáca gceapda na Fódla,
Na cheithre táirní a chuaidh 's na cheithre clára, na cheithre cláracha cónra,
Ach na cheithre gráin ar na cheithre mná nach dtug na cheithre grá go na cheithre póga.

'Gus Úna Bhán Nic Diarmaid Óig,
Fiorsgoth Búrcach, Brúnach, 's Brianach Mór,
Bhí do bhéal mar an tsiúcra, mar leamhnacht, mar fhíon, 's mar bheoir,
'Gus do dhois deas lúfar 'sí shiúlfadh gan fiar i mbróig.

A shúil is glaise Ó ná ligean anuas an bhraon,
A ghuth is binne ná guth na cuaiche ar chraobh,
A thaobh is gile Ó ná coipeadh na gcuan seo thíos,
'Gus a stór is a chumainn, nach mic do bhuireadh thríom.

Tú an shneachta ar lár agus barr air chomh dearg le fuil
Samhail mo ghrá ní bhfaighim i mbealach ar bith,
Ach féacaidh, a mhná, cé mb'fhearr an t-ochón ansin Ó
Ná'n t-aon ghlaoi amháin ag Ath na Danóige.

A Úna bhán, ba rós i ngáirdín thú
'Ba choinnleoir óir ar bhord na Banríona thú
Ba cheilliúr agus ba cheolmhar a' dul an bhealaigh seo romham thú
Ach 's é mo chreach mhaidne bhrónach nár pósadh liom thú

A dhearthair, ó dá bhfeictheá sa teampall í
Ribín uaithne anuas aar a ceann mar ghnaoi,
gach dlaoi dá gruaig in a dual mar an ómra bhuí
Ach sé mo thrí thruaige nár luadadh liom i gcleamhnas í.

'Gus rachainn leat ar bharra slat i loing faoi sheol,
A bhrollaigh geal nár tharraing ort fear an áirneáin fós,
Ach dar an Leabhar Breac ós mionna ceart é ag cách le tabhairt,
Mura gcodlaíodh leat is doimhin seal mo cheann faoin bhfód.

Is trua gan mise i mo phréachan dubh,
Go dtabharfainn an ruaig úd suas ar leath fhalla an chnoic,
'Mo ghath gréine i mbarr fréime ag casadh faoi shruth,
'Gus mo ghrá féin ar gach taobh dhíom á castáil dom.

A Úna Bhán nach gránna an luí tá ort
do cheann le fána i measc na mílte corp,
Ach mara dtuga tú fáir orm a phlandóigh bhí riamh gan locht,
Ní thiocfaidh mise 't-áras go brath ach an oíche 'nocht.


macsuibhne.com/amhran/