Ineacs

Ar ais

Úirchill an Chreagáin

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(le hArt Mac Cúmhaighe)

Ag Úirchill an Chreagáin sea chodail mé aréir faoi bhrón
'S le héirí na maidne tháinig ainnir fá mo dhéin le póig
Bhí gríosghrua ghartha aici agus loinnir ina céibh mar ór
'S gurbh é íocshláinte an domhain bheith ag amharc ar an ríoghain óir

Ó a fhialfhir charthannaigh ná caitear thusa i néalta bróin
Ach éirigh go tapaidh agus aistrigh liom siar sa ród
Go tír dheas na meala nach bhfuair Gaillibh inti réim go fóill
'S gheobhair aoibhneas ar hallaí a' mo mhealladhsa le siamsa ceoil

'Sé mo ghéarghoin tinnis gur theastaigh uainn Gaeil Thír Eoghain
Agus oidhrí an Fheadha gan seaghais faoi líg dár gcomhair
Géaga glandaite Néill Fhrasaigh nach dtréigfeadh an ceol
'S chuirfeadh éideadh fán Nollaig ar na hollaimh bheadh ag géilleadh dóibh

A théagair 's a chuisle más cinniúin duit mé mar stór
Tabhair léagsa is gealladh sula rachaidh muid ar aghaidh sa ród
Má éagaim fán tSionainn i gCríoch Mhanainn nó fán Éigipt Mhór
Gurb' i gCill chumhra an Chreagáin a leagfar mé i gcré faoi fhód


macsuibhne.com/amhran/