Ineacs

Ar ais

Slán le Máigh

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(le hAindrias MacCraith)

Slán is céad ón dtaobh seo uaim
Cois Máigh na gcaor na gcraobh na gcruach,
Na stát na séad na saor na slua,
Na ndán na ndréacht na dtréan gan ghruaim.

Curfá:
Och, och, ochón, is breoite mise
Gan chuid gan chóir gan choip gan choiste
Gan sult gan seod gan spórt gan spionnadh
Ó seoladh mé chun uaignis.

Slán go héag dá saorfhir shuairc,
Dá dáimh dá cléir dá héigs' dá sua,
Do m'chairde cléibh gan chlaon gan cluain,
Gan cháim gan cháin gan chraos gan chruas.

Curfá

Is fánach faon mé, is fraochmhar fuar,
Is támhlag tréith 's is taomach trua,
I mbarr an tsléibhe gan aon, monuar,
I m' pháirt, ach fraoch is gaoth aduaidh.

Curfá


macsuibhne.com/amhran/