Ineacs

Ar ais

Seachrán Charn tSiail

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail dom,
Go haonach bliantúil n Féil' Muire Mór
Tharla an ainnir as an taobh aniar dom
Is í go cianmhar 'gabháil tharam sa ród.
Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim
Mar bheinn ag siabhrán seal ag ól,
Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal
Le taobh 'ach dealramh 'raibh ina grua mar rós.

Bheannaíos féin go preab don mhaighdean
Agus feasbhaidh céille raibh in mo ghlór,
D'fhiafir féin 'raibh aon fhear in Éirinn
A ghlacfadh 'e roghain orm ins an ród.
D'fhiafir domhsa raibh mo léine,
Mo bhuig, mo bhéabhar, 's gan fiú na mbróg,
Go mb'annamh a chonaic sise sac ma éideadh
Ar fhear ag bréagadh cailín óg.

A chúileann fáinneach, thug grá duit
cuir i gcás bheith gan dóigh,
Agus gheobhaidh aoibhneas ar hallaí bána,
Fíon na Spáinne gheobhair seal le hól.
D'fhiafir domhsa an mar siúd ba ghnách liom
Bheith ag siúl na n-ardán ar bheagán stró.
Is é duirt léithi nár chleacht mise 'athrach,
Ach ainnir álainn agus gloine ar bord.

Níl siúd áit ó íochar Fhanad
Nach bhfuil i ngrá le bean dhó,
Bean sna Rosa thiar i Mín na Manrach,
Ó thaobh Ghleann Átha 'go dtí 'n Mhucais Mhór,
Dís i mBaoilleach, dis i mBáineach,
Bean in Árainn 's a chois Ghaoth Dobhair,
Ó Leitir Ceanainn go dtí mullach Gháigin
'S go Curraoin Mhanuis a chois an róid.


macsuibhne.com/amhran/