Ineacs

Foclóir

Fáinne Gael an Lae

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Maidin moch do ghabhas amach
Ar bhruach Locha Léin
An Samhradh 'teacht 's an chraobh len' ais
Is lonrach te ón ngréin
Ar thaisteal dom trí bhailte poirt is bánta míne réidhe
Cé a gheobhainn le m'ais ach an chúileann deas
Le fáinne geal an lae

Ní raibh bróg ná stoca, caidhp ná clóc
Ar mo stóirín óg ón spéir
Ach folt fionn órga síos go troigh
Ag fás go barr an fhéir
Bhí calán crúite aici ina glaic
'S ar dhrúcht ba dheas a scéimh
Do rug barr gean ar Bhéineas deas
Le fáinne gael an lae

Do shuigh an bhrídeog síos le m'ais
Ar bhinse glas den fhéar
Ag magadh léi, bhíos dá maíomh go pras
Mar mhnaoi nach scarfainn léi
'S é dúirt sí liomsa, 'imigh uaim
Is scaoil ar siúl mé a réic,'
Sin iad aneas na soilse ag teacht
Le fáinne geal an lae


macsuibhne.com/amhran/