Ineacs

Foclóir

Déirín Dé

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Déirín dé, déirín dé!
Tá'n gabhar donn ag labhairt san bhfraoch,
Déirín dé, déirín dé!
Táid na lachain ag screadaigh san bhféith
Déirín dé, déirín dé!
Geobhaidh ba siar le héirí'n lae
Déirín dé, déirín dé!
Is rachaidh mo leanbh dá bhfeighilt ar féar

Déirín dé, déirín dé!
Éireodh gealach is raghaidh grian fé,
Déirín dé, déirín dé!
Is tusa mo leanbh is mo chuid den tsaol
Déirín dé, déirín dé!
Ligfead mo leanbh ag piocadh sméar
Déirín dé, déirín dé!
Ach codladh go sámh go fáinne'n lae


macsuibhne.com/amhran/