Ineacs

Foclóir

Cuaichín Ghleann Neifín

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Éireoidh mé amárach le fáinne an lae ghléigil
Agus déanfaidh mé mo dhea-rás amach faoi na sléibhte,
Fágfaidh mé mo bheannacht ag mná deasa an tsaoil seo,
Agus 'dheamhan an filleadh abhaile dom go labhraí an chuach i mbarr na gcraobh ann.

Tá mo ghrá mar bhláth na n-airne a bhfíos ag fás i dtús an tsamhraidh,
Nó mar nóiníní bána a bhíos ag snámh sa ghleannta,
Nó mar 'bheadh grian os cionn Charnáin sa tsráid ag gabháil síos dom,
Is mar siúd a bhíos mo ghrá bán ag déanamh ramhailt' tri m'intinn.

Nach aoibhinn don áiléar a mbíonn mo ghrá geal ag gabháil air,
Nach aoibhinn don talamh úd a siúlann a bróg air,
Nach ró-aoibhinn don ógfhear a gheobhas mo stóirín le pósadh
Is í réalt eolais na maidine í agus drúcht an tráthnona


macsuibhne.com/amhran/