Ineacs

Foclóir

Ceol An Phíobaire

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Má phósann tú an siostalóir, is tú a bheas ag caoineadh,
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó,
Ó, beidh tú do thachtadh le barrach na tíre,
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó,
Ó, beidh tú 'do shuí go mbeidh sé an meán oíche,
Ag síordhó na gcoinneal is ag sciobadh an lín dó,
Mile b'fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba,
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó.

Má phósann tú an fíodóir, is tú a bheas ag caoineadh,
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó,
Beidh cead luig laig ag an úim a scaoileadh,
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó,
Ó, beidh tú 'do shuí go mbeidh sé an meán oíche,
Ag síordhó na gcoinneal is ag crónan fán íneadh,
Míle b'fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba,
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó.

Má phósann tú an tailliúr, is tú a bheas ag caoineadh,
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó,
Beidh sop i mbéal an dorais, mar bheadh madadh ar charnán aoiligh,
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó,
Ó, beidh tú do shuí go mbeidh sé an meán oíche,
Ag síordhó na gcoinneal is ag creimneáil na bpíosaí,
Míle b'fhearr duit mise agat is ceol binn mo phíoba,
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó.


macsuibhne.com/amhran/