Ineacs

Foclóir

Cailín na Gruaige Báine

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Seán Bán Mac Grianna)

Is uaigneach mo shaol go gruama faraoir
'Mo thruaill bhocht gan siamsa 'tá mé
'S is brónach a bhím gan suaimhneas na hoich'
Go buartha lag cloíte cráite

'Sí 'n stuabhean gheal chaoin a rinne gual de mo chroí
'S níl suairceas a choiche i ndán domh
Ó luadh liom mar mhnaoi go luath 'dtús mo shaoil
Mo chailín na gruaige báine

'S i bláth bán na gcraobh í, thug barr ar gach scéimh
Le háilleacht le méid 's le breáchta
'Sí d'fhág mé faoi léan, 'sí chráigh mé gan bhréig
'Gus tá 'fhios ag Mac Dé mo chás-sa

Dá bhfaighinnse mo rogha, ó b'ansa liom é
Bheith ar láimh leis a' spéirbhean álainn
'S ní náire ar bith liom é nó 's í grá geal mo chléibh
Mo chailín na gruaige báine

Dá dtigeadh sí arís ar cuairt chun mo thí
Nach mise bheadh aoibhiúil sásta
'S níl áit ar bith dár mhian léi nach mbainfinnse fúm
Ach cead 'fháil mo shaol a chaitheamh léi

Nach trua mise 'smaointiú go domhain in mo chroí
Nach bhfeicim arís go brách í
Tá mé buartha bocht faoi chian is ní mhairfead beo bliain
Gan cailín na gruaige báine


macsuibhne.com/amhran/