Ineacs

Foclóir

Bean an tSeanduine

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

An Tráchtaire:
Ó 's ag teacht aniar ó Bhalla dhom dhá mhíle amach ón gClár,
CĂ© casadh orm ach cailĂ­n deas agus Ă­ ar a diallait ard,
"An tusa bean an tseanduine?"

An Bhean Ă“g:
"Ó, is mé, mo chreach is mo chrá,
Is dá mbeinnse bliain 'mo chónaí leis ní thabharfainn dhósan grá!"

An Bhean Ă“g:
"Ó, brón ar mo mhuintir a phós mé chomh hóg,
Ó, phós siad leis an seanduine mé mar gheall ar chúpla bó,
MĂ­le b'fhearr liom agam an buachaillĂ­n deas Ăłg,
A thiocfadh isteach ar maidin 's a bhéarfadh dhomsa póg!"

An Seanfhear:
"Nach deas an fear i mbaile mé? Níl dúil agam son ól,
Tá béas níos fearr ná sin agam a bhréagfadh cailín óg,
Shaothróinn arán 'gus fataí di, cruinneacht is eorna mhór.
Ó 's a Dhia nárbh fhearr dhuit agat mé ná réic de bhuachaill óg."

An Bhean Ă“g:
"MĂ­le b'fhearr liom agam an buachaillĂ­n deas Ăłg,
Nach ligfeadh chuig an Aifreann mé 'gus bairbín ar mo bhróig,
A bhéarfadh chuig teach a' leanna mé 'gus a d'ólfadh a ghiní óir,
'S nach mbeadh sé chomh maith leat, a sheanduine, nuair a bheadh na páistí mór."

An Seanfhear:
"Más cailín den tsaghas sin thú 's go bhfuil dúil agat san ól,
Is gearr a mhairfeas airgead dhuit ná do shealbháinín bó,
Ach iarraim ar Dhia 's ar Mhuire mura mairfinn beo ach bliain,
Go bhfeicfead ag iarraidh déirce thú 's do mhála ar do dhroim!"

An Bhean Ă“g:
"B'fhearr liom ag iarraidh déirce 's mo mhála ar mo dhroim,
Ná do leithéide de sheanduine a bheith sa mbaile agam tinn,
Mar shílfinn mura ndéantá ach casacht nach mairfeá an oíche beo,
Agus lig de do chuid chlamhsáin feasta liom, a ghiola an chársáin mhóir!"


macsuibhne.com/amhran/