Ineacs

Foclóir

An t-Úll

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Tá scéilín nua 'gam le h-insint dóibhse,
Cúrsaí spóirt agus comhrá dí,
Úll breá gleoite do chuireas i mo phóca,
'S ni bhfuaras romham ach prátín síl.

Curfá:
Ó mo thuirse mar shileann mo shúile,
I ndiadh an úll ud a bhí bréa buí,
An óig-bhean uasal tar éis é thabhairt domh,
'S do thabhairfinn punt ar é bhlaiseadh arís.

Do shiúlais Cléire agus Carraig Aonair,
Cuanta Béara bhi romham sa tslí,
Puinte na nGréige 'gus na nDorsaí Maola,
An fhiach 's an lao taobh amuigh de Bhaoi.

Curfá

Do shiúlais Cualach mar a bhíos buartha
An pharoiste Thuaidh a 's na hAdhraí,
San oileán Muarseadh d'inis dom buachaill
Nach bhfáighinn a thuairisc go dtéinn thar snaidhm.

Curfá

Do Shiúilíos Coíbh agus Baile na Móna,
Cathair Tún Tóime 'gus Inis Seircín,
Soir ar a chósta sea d'inis domh stróinse,
Go rabh sé 'na sheo acu ar Sráid Néidín.

Curfá (4 x)


macsuibhne.com/amhran/