Ineacs

Foclir

An t-Oileán Úr

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Rinne mé smaointiú i m'intinn agus lean mé dó go cinnte
Go n-éalóinn ó mo mhuintir anonn chun 'Oileáin Úir
Ó bhí mé ag déanamh impí ar an ArdRí os mo cheannsa
Mo choinneáil ó gach tubaiste go gcríochnóinn mo shiúl

Shiúil mé fiche míle is níor casadh orm Críostaí
Capall, bó nó caora ag déanamh inghilt ar an fhéar
Ach coillte dlútha is gleanntáin agus búirtheach beithigh allta
Fir is mná gan tant orthu a chasfá fá do mhéar

Ach tharla isteach i dteach mé nuair a casadh orm daoine
D'fhiafraigh siad mo ainmse is cén tír inar tógadh mé
Dúirt mé leo i mBéarla gur tógadh mé in Éirinn
Láimh le Loch Éirne i gCoillidh Lios na Raoch

Bhí seanbhean insan chlúdaigh agus stocaí ar a glúiní
D'éirigh sí go lúcháireach agus chraith sí liomsa láimh
"Sheacht mh'anam, fear mo thíre, thar a bhfaca mé ariamh de dhaoine
Tógadh mise in Éirinn i mBaile Lios Béal Áinetha"

Rinne mé an dara smaointiú agus lean mé dó go cinnte
Go bpillfinn ar ais go hÉirinn, an áit a sínfí mé faoin chlár
Mar a bhfaighfinn lucht mo chaointe is an t-aos óg atá lách aoibhinn
A chaithfeadh liomsa an oíche agus páirt mhór den lá


macsuibhne.com/amhran/