Ineacs

Foclóir

An Mhaighdean Mhara

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Is cosúil gur mheath tú nó gur thréig tú an greann
Tá an sneachta go frasach fá bhéal na trá
Do chúl buí daite is do bhéílín sámh
Siúd chugaibh Mary Chinidh is í i ndiaidh an Éirne shnámh

'A mháithrín mhilis' duirt Máire bhán
Fá bhruach an chladaigh is fá bhéal na trá
'Maighdean mhara mo mháithrín ard'
Siúd chugaibh Mary Chinidh is í i ndiaidh an Éirne shnámh

Tá mise tuirseach agus beidh go lá
Mo Mháire bhruinneall is mo Phádraig bán
Ar bharr na dtonnta is fá bhéal na trá
Siúd chugaibh Mary Chinidh is í i ndiaidh an Éirne shnámh

Tá an oíche seo dorcha is tá an ghaoth i ndroch aird
Tá an tseisreach 'na seasamh is na spéarthaí go hard
Ach ar bharr na dtonnta is fá bhéal na trá
Siúd chugaibh Mary Chinidh is í i ndiaidh an Éirne shnámh


macsuibhne.com/amhran/