Ineacs

Foclir

Aililiú Na Gamhna

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

In iníon d'aoire mé féinig gan amhras
Do bhíodh ina cónaí cois taobh na Leamhna
Bhí bothán agam féin ann is fuinneog i gceann de
Fad a bhíodh an bainne ag téamh agam
'Sea ghlaofainn ar na gamhna

Curfá:

Aililiú na gamhna, na gamhna bána
Aililiú na gamhna, na gamhna b'iad a b'fhearr liom
Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána
Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta

Faightear dom cana is faightear dom bhuarach
Is faightear dom soitheach ina gcuirfead mo chuid uachtair
Ceolta sí na cruinne bheith á síorchur i m'chluasa
Ba bhinne liomsa géimneach na mbó ag teacht chun buaile

Curfá

Rachaimid ar an aonach is ceannóimid gamhna
Is cuirfimid ar féar iad amach ins na gleannta
Íosfaidh siad an féar is barr an aitinn ghallda
Is tiocfaidh siad abhaile chun an bhainne i gcóir an tSamhraidh

Curfá


macsuibhne.com/amhran/