Ineacs

Foclóir

Faochain is Ruacain

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Pádraig Ua Maoileoin)

I mB'leá Cliath na saorfhear
Mar a mbláthaíonn na béithe,
'Sea do chéadleagas súil
Ar mo Mhalaí Malone
Í ag imeacht lena barra
Trí na sráideanna ag scartadh,
'Seo dhaoibh, faochain is ruacain
'S iad beo, uile beo.'

Beo, uile beo! Beo, uile beo!
Seo dhaoibh, faochain is ruacain
'S iad beo, uile beo.

Ba mhangaire éisc í,
'S nár bhreá léi mar cheird í;
Bhí a muintir go léir
Ar a gceird lena mbeo
Ag imeacht lena mbarra
Trí na sráideanna ag scartadh,
"Seo dhaoibh, faochain is ruacain
'S iad beo, uile beo."

Le fiabhras 'sea d'éag sí
Is gráin le mo shaol í
'S b'in deireadh, mo léan!
Le mo Mhalaí Malone;
Ach tá a sprid lena barra,
Trí na sráideanna ag scartadh,
"Seo dhaoibh, faochain is ruacain
'S iad beo, uile beo."


macsuibhne.com/amhran/