Ineacs

Foclóir

Níor tháinig mé fós ar Mhian Mo Chroí

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

Chuaigh mé suas an sliabh is airde,
Rith mé trasna páirceanna
Go mbeinnse in éineacht leat
Go mbeinnse in éineacht leat.
Thaisteal mé thar sáile 's fásach,
Dhreap mé thairis fallaí cathrach
Go mbeinnse in éineacht leat
Go mbeinnse in éineacht leat.

Ach níor tháinig mé fós ar mhian mo chroí.

Phóg mé mná ar bheola meala,
Mhothaigh méara ' bhí dom mhealladh,
A chuir ar mire mé,
A líon le fuinneamh mé!
Labhair mé teanga bhinn na n-aingeal,
D'fháisc mé lámha ag an tábla,
Ach bhí oíche amháin ann,
'S mé préachta le fuacht ann.

Creidim féin sa bheatha shíoraí
Nuair a thiocfaidh muid le chéile
Muid le chéile;
Ach fós táim ag éalú
Go mbrisfinn glasa 's go scaoilfinn slabhraí
'Crois le hiompar, crois mo náire!
Crois mo náire!
Ach fós táim ag éalú...


macsuibhne.com/amhran/