Ineacs

Foclóir

Mary Lou

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

'Sea, dúrt haló, Mary Lou, grá mo chroí,
Ó, Mary Lou, 's tú bun is barr mo bhrí!
Bhí fhios agam, Mary Lou, nach scarfaimis!
'Sea, haló, Mary Lou, grá mo chroí!

Bhuail tú liom 's an ghrian 'na suí
'S do shúile donna chas 'mo shlí
Is bhí tú uaim, a stór, go deo na ndeor!
Ní duine mé a shantaíonn grá,
Ach bhí mé gafa, táim a' rá!
Is ní fhaca roimh an lá sin thú, a stór!

Do bhéal mar rós, do ghlór mar cheol,
Is luisne i do leiceann beo
Is loinnir i do ghruaig bhuí chas mar ór!
Do smaoinigh mé ar oíche mhór
Ag siúl cois abhann leat ins an fhómhar
Ó, Mary Lou, a mhuirnín is a stór!


macsuibhne.com/amhran/