Ineacs

Foclóir

Laoch Uasal na nGael

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

Amuigh i gCill Maighneann
'Sea chruinnigh na sluaite,
Is d'fhan ar a nglúine
Ceann-nochta, ag guí;
Mar laistigh den phríosún
Go misniúil 's go cróga
Ag feitheamh le hanbhás
Bhí Éireannach groí.

Do ghluais sé chun báis
Go fearúil 's go dána,
'S ar dhream dúr a scaoilte
Do thug aghaidh go tréan;
Le focal ón gcaptaen
An feallbheart bhí déanta
An Conghaileach calma
Thit marbh, mo léan!

Ar chuaille in airde
Bhí dubh-bhratach na marbh,
Tírghráthóir na hÉireann
D'fhág slán leis an saol.
Ba mhór é an léan
I mBlá' Cliath ar maidin
Nuair a maraíodh Séamas,
Laoch uasal na nGael.

Ceithre chúirt Átha Cliath
Scrios na Sasanaigh rompu;
Sprid uasal na saoirse
Do chuir siad i mbaol;
Ach os cionn fuaim an ghleo
Cluineadh gáir ard, 'Ní ghéillfead!'
B'shin an freagra ó Shéamas,
Laoch uasal na nGael.

Mo mhallachtsa ortsa,
A Shasana ghránna,
Le danarthacht diabhlaí
Chuir Gaela faoi scaoll.
Níl fás ar aon bhláth
Tá an tseamróg go gleoite
Ar uaigh chaol Shéamais,
Laoch uasal na nGael.

macsuibhne.com/amhran/