Ineacs

Foclóir

Iníon an Mhianadóra

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

Is iomaí bean álainn dár chas liom lem' ré
A phósfadh an mianadóir fiú gan an spré.
Níor mhór di bheith crua 'gus láidir go deo
's gan géilleadh don imní, don bhuairt ná don bhrón.

Is duibhe ná oíche é, taise ná drúcht;
Is gann é an spraoi 'gus is mór an chontúirt,
Mar nach bhfeictear an bháisteach ná breacadh an lae
Is geall le bheith dallta an tochailt faoin gcré.

Má chuireann tú spéis ins an maoin nó sa spré
Ná cruinnigh do stór leat ag tochailt faoin gcré,
Nó céasfar do chloigeann is beidh tú gan bhrí
'S ar dhath dubh an ghuail do chuid fola id' chroí.


macsuibhne.com/amhran/