Ineacs

Foclóir

Moll Dubh a' Ghleanna

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

( Leagan Altan The Red Crow. )

[ https://www.youtube.com/watch?v=WlMfRlvysRI ]

Tá ba agam ar shliabh s níl duine gam na ndiadh
Ach mé do mo bhuaidhreadh leofa
Bíodh idir mise is Dia más orthu tá mo thriall
Is bhain siad mo chiall go mór uaim

'Sí Moll Dubh a' Ghleanna í
'Sí Moll Dubh an Earraigh í
'Sí Moll Dubh is deirge ná'n rósa
'S dá bhfaighinnse féin mo roghainn
De mhná óga deasa 'n domhain
'Sí Moll Dubh a' Ghleanna ab fhearr liom

Mise bheith gan mhaoi
Feasta choíche ní bhim
Is Moll dubh bheith i dtús a h-óige
Och, is fann guth an éin
A labhras leis féin
Ar thulaigh nó ar thaobh na mónadh

'Sí Moll Dubh a' Ghleanna í
'Sí Moll Dubh an Earraigh í
'Sí Moll Dubh is deirge ná'n rósa
'S dá bhfaighinnse féin mo roghainn
De mhná óga deasa 'n domhain
'Sí Moll Dubh a' Ghleanna ab fhearr liom

Is ag Moll dubh a' ghleanna
Tá mo chroí-se i dtaiscí
'S í nach bhfuair guth na náire
Is go céillí, múinte, cneasta
A dúirt sí liom ar maidin
"Ó imigh uaim 's nach pill go brách orm"

'Sí Moll Dubh a' Ghleanna í
'Sí Moll Dubh an Earraigh í
'Sí Moll Dubh is deirge ná'n rósa
'S dá bhfaighinnse féin mo roghainn
De mhná óga deasa 'n domhain
'Sí Moll Dubh a' Ghleanna ab fhearr liom

Níl'n óganach geanúil
Ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh
Is timpeall go h-Umhaill Uí Mháinnle
Nach bhfuil a dtriall uilig 'na ghleanna
Ar eacraidh slime sleamhainne
I ndúil leis an bhean dubh a b 'áille

'Sí Moll Dubh a' Ghleanna í
'Sí Moll Dubh an Earraigh í
'Sí Moll Dubh is deirge ná'n rósa
'S dá bhfaighinnse féin mo roghainn
De mhná óga deasa 'n domhain
'Sí Moll Dubh a' Ghleanna ab fhearr liom


macsuibhne.com/amhran/