Ineacs

Foclóir

Píopa Ainde Mhóir

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.roisinelsafty.com/roisinelsafty.com/Piopa.html ]

Agus bhí mé oíche shaoire i dTír an Fhia is mé 'tíocht ó cheol,
Chruinnigh an cheo 'mo thimpeall is níorbh léir dhom aon tsórt,
'Gus thabharfainn lán an Bhíobla gur tornóg a bhí ar an gcaoloch,
Leis an deatach a bhí os mo chionnsa ag píopa Ainde Mhóir.

'Gus mo bheannacht le guí a'd síos, a Ainde Mhóir,
Do mhac go dtige in inmhe 'gus lao go raibh ag do bhó,
Mar is tusa a rinne an píopa ba fairsinge a bhí sa tír seo,
'S ní chaithfear ráithe an gheimhridh nó go ndéanfaidh mé dhi spóirt.

Agus siúd í an bhean a líonfas é is ní le tuí é ná le móin,
Chuir sí naoi bpunt síos ann 'gus píosa den duilleog,
Cailleachaí na tíre 'gus chruinnídís 'na thimpeall,
'Gus gheobhaidís ar fad fuíollach i bpíopa Ainde Mhóir.

Is ag gabháil go hInis Nia dhúinn le lucht caorach agus bó,
Maidin gharbh gheimhriúil is é gaofarach go leor,
Ag gabháil trí Thóin Uí Fhloinn dhúinn 'sea thosaigh an bád ag líonadh,
's nárbh ait an galún taosctha a rinne píopa Ainde Mhóir?

Agus bhí mé amuigh ar aonach i gCill Bhríde is mé ag ól,
Bhí comhluadar maith 'mo thimpeall 'gus riar mhaith ag ceol,
Bhí beirt isteach as Luimneach ann is an still mhór acu líonta,
Nuair a d'fhiafraigh an tseanbhean aosta "Ab 'in é píopa Ainde Mhóir?"


macsuibhne.com/amhran/