Ineacs

Foclóir

Seoithín Seó

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.roisinelsafty.com/roisinelsafty.com/Seoithin_Seo.html ]

Seoithín seo thó, mo stór é mo leana,
Mo sheod gan chealg is mo chuid den tsaol mhór,
Seoithín seo thó, nach mór é an taitneamh,
Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan brón.

A leana mo chléibh, go n-éirí do chodladh leat,
Séan agus sonas gach oíche 'do chomhair.
Tá mise le do thaobh a' guí ort na mbeannacht,
Seoithín mo leana, is ní imeoidh tú leo.

Óho óho óho mo leana,
Óho mo leana, is codail go fóill.
Óho óho óho mo leana,
Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan brón.

Ar mhullach an tí tá síogaí geala,
Faoi chaoinré an earraigh ag imirt's ag ól,
Is seo iad aniar iad a' glaoch ar mo leana,
Le súil is a mhealladh isteach sa lios mór.

A leana mo chléibh, go n-éirí do chodladh leat,
Séan agus sonas gach oíche 'do chomhair.
Tá mise le do thaobh a' guí ort na mbeannacht,
Seoithín mo leana, is ní imeoidh tú leo.

Óho óho óho mo leana,
Óho mo leana, is codail go fóill.
Óho óho óho mo leana,
Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan brón.


macsuibhne.com/amhran/