Ineacs

Foclóir

Máire Bhán

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

'Gus bhí mé lá gan amhras siúl sráid an bhóithrín bhuí
Maidin aoibhinn shamhraidh dar liom bhí an drúcht 'na luí
Tharla dom an spéirbhean, ó sí ba bháine dlaoi
Sé mo léan géar, 's m'ansacht í, 'sí 'n cailín í a dhóigh mo chroí.

Is trua nach bhfuil mé i Muineachán agus mé i mo cheannaí snáth
Mo mhuirnín deas in aice liom 's níorbh fhaide liomsa an lá
Scairtfinn ar an bhiotáilte agus dhíolfadh Máire an cháin
Agus shnámhfainnse ar an fharraige dá bhfaighinnse barúil mná.

Luigh mé insa choirnéal agus beidh mé breoite tinn
Agus d'fhiafraigh mé den chailín óg an dtógfadh sí mo cheann
Tá na mílte fear i ngrá léithe go brách nach dtig chun cinn
'S má tá mé i ngrá le Máire Bhán, níl náire ar bith dom ann.

'S a stór ná bíodh ort buaireamh, brón ná briseadh croí
Ná ní ar bith den tsórt sin ach aer is spórt an tsaoil.
Dá mba liomsa a bhfuil ar an domhan mhór is i gcóraí glaise an rí
Is duitse go dtabharfainn mar fhéirín í ach éalú liom mar mhnaoi.

Cuirim litir fríd na sléibhte le scéala ionsuirthi uaim
Go bpógfainn a béilín lá aonaigh gan ghruaim.
Ná ainneoin fhearaibh Éireann bhéarfainn uirthi ruaig
'S ná raibh míle maith 'na dhiaidh sin ag lucht bréag an bhuachaill ruaidh.

Is a Mháire Bhán a thaiscí, a Mháire Bhán a stór
Dá dtiocfá thusa liomsa fríd thíortha ciúine ceo
Bhéarfainn amharc baile mhóir duit a thógfadh suas do chroí
'Gus bhéarfainn an croí tráthnóna di le spórt agus le greann.

Is nach deas an cailín Máire Bhán a cosa agus a ceann
Tá sí múinte macánta in gach baile dá dtéid sí ann
Thug sí sway na háite léi agus d'fhág sí an Caiseal fann
Is má tá mé i ngrá le Máire Bhán níl náire ar bith dom ann.


macsuibhne.com/amhran/