Ineacs

Foclóir

An Bobaire

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Arú thuas i Mín an Iolair bhí an bhainis a ba mhó bhí in Éirinn
Bhí Tomás Mór Ó Colla ann is bhí ua de Eibhlín Thaidhg ann
Ach thit pota an bhraith ins na másaí ar an mhalóid
Is d'éirigh scaifte cailíní ag cur taos lena másaí
Is horú leis an chrúiscín is bíodh sé lán.

Tá teach beag ar an bhaile seo arbh ainm de teach Phádraig
Is ann a níthear an bacstaí is a fháisctear na prátaí
Nuair a thiocfas Pádraig na bhaile is gheobhaidh sé an cusach déanta
Sé bhuailfidh sé na cailíní le naoi bpice prátaí.
Is horú leis an chrúiscín is bíodh sé lán.

Tá cailín ar an bhaile seo arbh ainm di an Raimsce
SiĂşlann sise an baile seo naoi n-uaire ina ceannfort
Fásfaidh cosa seagail aisti is brisfidh muid an brainse
Is nach iomaí sin ball bruite atá ar lorga mo Raimsce.
Is horú leis an chrúiscín is bíodh sé lán.

Tá cailín ar an bhaile seo arbh ainm di Cos Dóite
D'íosfadh sise coradh is trí bhaclach prátaí rósta.
Nuair a théann sí chun dorais ag croitheadh a cóta
Ligeann sí alpán gaoithe aisti a chluinfeá i mBaile an Róba.
Is horú leis an chrúiscín is bíodh sé lán.

Bhí mise lá ag gabháil siar Droichead na hArdadh
Casadh scaifte brealláin bhuí orm agus iad uilig ag gáire
Nuair a d'fhiafraigh mise daofa caidé ábhair a ngáire
Sé dúirt siad lucht muscaidí is na bonnaí buí i scála.
Is horú leis an chrúiscín is bíodh sé lán.

Ach bhí mise lá ag gabháil siar na Mhuillinn Iarainn
Is mé ag siúl liom orú thart cois na trá
Leag mé mo lámh ar an reilig a raibh mo ghrá inti
Is chuir mé naoi laige díom le cumha i ndiaidh mo stóirín.
Is horú leis an chrúiscín is bíodh sé lán.


macsuibhne.com/amhran/