Ineacs

Foclóir

Amhrán an Stímear

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Tá scéal a'm le n-aithris nó an gcuala sibh cheana é
A tharla Ie gairid san áit seo,
'Gus níl aon am agamsa len í a inseacht ar fad díbh.
Nó go dtaga an oíche fhada san áirneán.

Faoin Stímear atá tagtha Cill Chiaráin le seachtain,
Is dócha gurbh é an mí-ádh chas ann í,
Tá an baile thrí lasadh ó oíche go maidin,
Is níl tada ann ach ceol is pléaráca.

Ó d'fhága mé an baile tráthnóna lá cheana
Mar is minic mé ag imeacht go fánach.
Ó casadh isteach mé Tigh Mhac Bheairtle Bhreathnaigh
'Gus shíl mé nach b'fhágfainn go brách é.

Dheamhan fear bean ná gasúr ó Charna go Casla.
Ná raibh cruinnithe ina seasamh ar an tsráid ann
Bhí an mata ar an teallach gan hata ná caipín
'Gus baithis chomh maol air leis an bpláta.

Ó rinne mé mo bhealach isteach go dtí an tairseach
Tháinig Colm is chuir sé romham fáilte
'Séard dúirt sé bí ag damhsa ó casadh an bealach thú
Ní ghabhfaidh tusa siar go dtí amárach.

Is ní bréaga ná magadh nach bhfuil cailíní deasa,
Ó Chill Chiaráin is anoir ó Choill Sáile
Níl aon aird ar aon fhear ach ar Mhac an Chaiptín
Is ag fiafraí cé a'inn bean is fearr leis.

Is a bhuachaillí an bhaile nach dona an scéal agaibh
Lá a dtáinig na Scotties thar sáile
Mar níl aon bhlas agaibh ach ina seasamh le ballaí
Is na saelaeraí ag cúinneáil is ag gáire.

Ní hé sin an ceapadh a bhí ag fir óg an bhaile
Gur b'shin é an chaoi a bhfágadh na mná iad
A thabharfadh amach iad le fágáil sa mbaile,
Is go n-éalódh sí amach as a lámha.

Tá na mná seo an-chleasta níl fear dár fháisc bairiall
Nár imir siad cleas luath nó mall air,
Mar chinn siad cheana ar Aristotle
Thug sé a sheacht míle mallacht go brách dhóibh.

Is a chailíní deasa ná glacaigí fearg
Mar gheall ar an méid atá ráite a'm
Mar níl aon bhean agaibh nach mbeidh ina baintreach
Nuair a bheidh deireadh na feamainne meáite.


macsuibhne.com/amhran/