Ineacs

Foclir

Táimse 'gus Máire

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Táimse 'gus Máire go sásta inár n-aigne,
Ó nascadh i bpáirt sinn ag an altóir ró-bheannaithe,
Thug sise grá thar cairde 'gus fearaibh dhom,
Thógas ar láimh í 's go brách brách ní scarfaimid.

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó,
rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.

Tá mo theaghlach san áit is fearr ar an mbaile seo,
I bpáirc an tsrutháin a sháraíonn seacht n-acra,
Cruithneacht a' fás ann chomh hard leis na clathacha,
'S mé ag feitheamh don tráth sin go bhfeicfidh mé aibí í.

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó,
rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.

Tá torthaí ag fás im' gháirdín go slachtaithe,
Úlla, spíonáin agus cuiríní dearga.
Siúcra i mála le ráithe go taiscithe
Chun subh is misleáin don bháb is do bhanaltra.

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó,
rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.

'Sí mo chéile-se Máire an stáidbhean mhodhúil mhaisiúil,
Ag luascadh an chliabháin is an páiste ar a sheascaireacht.
Stoca 'na láimh is na bioráin inti a' preabarnaigh,
Í a' cniotáil is a' crónán don leanbhín.

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó,
rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.

'Sé mo ghuí chun an Ard-Mhic a ghrásta do scaipeadh orainn,
'S go leanfaidh an t-ádh san gan ghátar gan easpa orainn
Nuair a thiocfaidh lá an áirimh in áitreabh úd Jasapheth,
Go dtóga Dia ar láimh sinn in airde go Parrthas.

Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.


macsuibhne.com/amhran/