Ineacs

Foclóir

Eleanór, a rún

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Mo ghrá den chéad fhéachaint thú, 'Eleanóir, na rún,
Is ortsa a bhím a' smaoineamh, tráth a mbím ar mo shuain
Mo ghrá den tsaol thú, ó mo chéad searc, is tú is deise ná ban Éireann,
'S a bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Ach chúns a mhairfeadsa beo, beidh gean a'm ort,
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat,
'Eleanóir, na rún.
'S bhí bua aici go meallfadh sí na héanlaith ón gcrann,
'S bhí bua eile aici go dtóigfeadh sí an corp fuar ón mbás,
'S bhí bua eile aici nach ndéarfaidh mé mar 'sí grá mo chroí is mo chéad searc,
'S a bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Ach chúns a mhairfeadsa beo, beidh gean a'm ort,
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat,
'Eleanóir, na rún.
'S an dtiocfaidh tú nó 'bhfanfaidh tú, 'Eleanóir, 'a rún?
Nó an aithneofá an té nach gcáinfeadh thú, mo chuid den tsaol is a stór?
Ó tiocfaidh mé ach ní fhanfaidh mé, is maith a d'aithneoinn an té nach gcáinfeadh mé,
'S a bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Ach chúns a mhairfeadsa beo, beidh gean a'm ort,
Mar is deas mar a sheolfainse na gamhna leat,
'Eleanóir, na rún.


macsuibhne.com/amhran/