Ineacs

Foclir

Bó na Leathadhairce

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ GRMA Edel NÍ Bhraonáin ]
[ http://www.binneas.com/B%F3%20na%20Leathadhairce.htm ]

Thíos cois na toinne is ea a beathaíodh mo chaora,
Ó, ag Diarmaid Ó Duilleáin ó Bharra na hUíne;
Mac dearthár athar dom a chuir le faill í,
Easpa tobac a bhí ar an gcladhaire!

Curfá:
Bó, bó, bó na leathadhairce,
Bó, bó 'sí an tseana chaora adharcach!
Bó, bó, bó na leathadhairce,
Bó dhroimeann dearg is ní fheadar cá bhfaighinn í.

B'fhearr liom ná scilling go bhfeicfinn mo chaora,
Teacht go dtí an doras ar maidin nó istoíche,
Thálfadh sí bainne dhom, bheathódh sí uan dom,
Chuirfeadh sí jeaicéidín deas ar mo bhuachaill.

Curfá

Chonacsa beirithe í, chonac á roinnt í,
Chuir mise dúil inti, is blúire ní bhfaighinn di,
Ó Nár dheas í! ó nár mheidhreach!
Ó Nár dheas í an tseana chaora adharcach.

Curfá

Dá mbeinnse in rachmas, i ngradam is in oidhreacht,
Thabharfainnse guinea ar chúpla slice di,
Ó Nár dheas í! ó nár mheidhreach!
Ó nár dheas í an tseana chaora adharcach.

Curfá

D'íosfainn lán píce dhi, d'íosfainn lán oighinn di,
D'íosfainnse sliosar den tseana chaora adharcach
Ó Nár dheas í! ó nár mheidhreach!
Ó Nár dheas í an tseana chaora adharcach"


macsuibhne.com/amhran/