Ineacs

Foclir

Úna Bhán

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.lorcanmacmathuna.com/songbook.html ]

Na ceithre Úna, na ceithre Máire, na ceithre Áine, is na ceithre Nóra
Na ceithre mná ba ceithre bhreá sna ceithre ceirte de foghla
Na ceithre táirne a chuaigh sna cúinne sna ceithre mplantrach sna ceithre contra
Ach mo ceithre ghrán ar na ceithre mná nár chuir na ceithre gr á in sna ceithre phóga

A Úna bhán nic Dhiarmaid óig
Fíorscoth búrcach, brúnach agus brianach mór
Bhí do bhéal mar an siúcra, mar an leamhnacht, mar fhíon is mar bheoir
Agus do chos deas lúthmhar, 'sí a shúilferadh gan fiar I mbr óg

A úna bhán ba rós I ngáirdín thú
' S ba choinleoir óir ar bhord na bainríona thú
Ba chláirseach cheoil a' ghabháil na mbóithrí seo thú
Agus sílimse a stór go mba ríbhreá an cailín th ú

A shúil is glaise nach ligeann anuas aon braon
A bhéal is binne ná guth na gcuach ar chraobh
A thaobh is gile na coipe na gcuan seo thíos
' S a stór 's a chumann, nach minic mo bhuaireamh thríot.

Tá an sneachta ar lár is barr air chomh dearg le fuil
Samhail mo ghrá ní fhaghaim I mbealach ar bith
Féachaigí, a mhná, cé mb'fhear, ochón ansin
Ná an t-aon ghlao amháin ag áth na danóige.

A úna bhán, is tú bhreoigh agus mhearaigh mo chiall
A úna bhán, is tú chuaigh idir mé is dia
A úna bhán, a lúibín cumhra na gciabh
Nárbh fhearr dhomsa a bheith gan súil ná tú a fheice ál riamh

A úna bhán, nach grána an luí é siúd ort
Do cheann le fána in áít na mílte corp
Mara dtuga tú ag fáir orm, a phlandóíg bhí riamh gan locht
Ní thiocfaidh mé ar t'áit go brách ach an o íche anocht.


macsuibhne.com/amhran/