Ineacs

Foclóir

An Taistealaí Fáin

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

Im' thaistealaí fánach atáimse lem' bheo
Is do chaith mé mo spré ar bheathuisce is beoir;
Ach táimse ag filleadh 's mo phócaí tá lán.
Is ní bheidh mé a-choíche im' thaistealaí fáin.

Agus riamh is choíche,
Riamh is choíche 's go deo,
Ní bheidh mé ag falróid,
Riamh, choíche 's go deo!

Istigh i dteach leanna mar a mbínnse 's mé óg
'Sea d'inis don bhean nach raibh pingin i mo phóc';
Nuair a d'ordaigh mé buidéal do dhiúltaigh sí glan
Agus cairde ní thabharfadh ar uisce ná leann.

Do thógas óm phóca deich sabhran go geal
Is an drochaoibh 's an cantal do chuir sí ar ceal;
"Tá neart uisce beatha is fíonta den scoth!
Ní rabhas ach ag magadh, caith siar cúpla deoch!"

Abhaile a rachad is beadsa ag guí
Go bhfaighe mé pardún 's go mbeidh mar a bhí.
'Sea, beadsa ag filleadh 's mo dhá phóca lán
Is ní bheidh mé a-choíche im' thaistealaí fáin!


macsuibhne.com/amhran/