Ineacs

Foclir

An Sagairt ó Dhomhnaill

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.lorcanmacmathuna.com/songbook.html ]

Bhí mise i dtigh an mhinistéara aréir
Bhí bia agus ól ag an duine sin
Bhí triúr cailíní óga ann
Is nach trua gan mé pósta le duine acu.

Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do dheartháirín ó
Agus gheofaidh tú an glóir má fhilleann tú

Chonaic mé iníonn an mhinistéara aréir
Bhí hata gus clóca dubh uirthi
Armcót go dtína dhá glúinne
Is nár gheall leis an bpúca chugat í

Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do dheartháirín ó
Agus gheofaidh tú an glóir má fhilleann tú

Ó b'fhear liomsa amuigh ar an tsráid
Mo mhaide i mo láimh agus pluid orm
Ná thuas ar fhuinneogaí arda
Ag éisteacht le dántaireacht mhinistéar

Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do mháthairín ó
Agus gheofaidh tú an glóir má fhilleann tú

Agus shiúil mé abhus agus thall
I móta ghráinneoige sea rugadh mé
Is ní fhaca mé aon iontas go fóill
Ach an sagairt Ó Domhnaill ina mhinistéara

Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do máthairín ó
Agus gheofaidh tú an glóir má fhilleann tú

Ó is mo dhiombu go brách ar na mbrá
Mar is iad a bhainn dhíomsa mo shaigairtín
Léigh se an t-aifreann Dé Domhnaigh
Agus bhí sé Dé Luain ina mhinistéar

Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do phobal go doe
Is beidh banr íon na glóire ag feitheamh leat

An Scailpín Draighneach
Agus maidin chúin dhár éiríos
Is amach faoi bharr na gcoillte
Ansúid is ea buaileadh an saighead liom
Is mo leigheas ní raibh le fail
Nó go dhearc mé an bhruinneal mheidhreatha
Faoi bhruach na sceilp draighne
Agus gheit(e) mo chroí le meidhir aici
Is dheamhan-ar éirigh liom í fháil.

Is nach trua gan mé in mo smóilín
Is nach leanfainn tríd an ród thú
Mar gur tusa bláth na hóige
A thógfadh suas mo chroí
Mar go mbeinn ag seinm cheoil dhuit
Ó mhaidin go thrathnóna
S' gur le cheiliúr binn do glórtha
Thug, mé mór-gheann do mhnaoi

Is buachaill mé atá aonraigh
Is ní bheidh mé i bhfad má fhéadfaim
Go siúlfaidh mé na réigiún
Is as sin don tír anon
Ó Chorcaigh go Beann Éadair
Is o Bhaile Cliath, na dhiadh sin
Is go druithead abhaille 'n tsléibhe
Nó go Béal an Átha siar

Agus rachfaidh mé má fhéadfaim
Go meirceá i dtús an tséasúr
Ins an áit-nach mbeidh mo gaolta
Ar aon taobh ná ag tíocht romham
Is ní fhillfidh mé ar m'ais go hÉireann
Nó go labharfaidh an chuach, sa nGeimhreadh
Go mbeidh caisleán ag, mo mhuintir
Is é bheith deanta ar bhruach an chuan.


macsuibhne.com/amhran/