Ineacs

Foclóir

Máire Ní Mhaoileoin

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ https://listserv.heanet.ie/cgi-bin/wa?A2=ind1105&L=GAEILGE-A&T=0&F=&S=&P=6857 ]

"An dtiocfaidh tú 'baint aitinn liom,
A Mháire Ní Mhaoileoin?"
"Do thiocfainn is á cheangal leat
A chuid den tsaol 's a stór;
Is ní le grá do m'anam é
Ach le fonn a bheith ag amharc ort,
A óganaigh óig.

"An dtiocfaidh tú don ghairdín liom,
A phlúr na mban óg?"
"Cad é a bheimis ag déanamh ann,
A chuid den tsaol 's a stór?"
"Ag baint úlla de bharr géaga ann
Mar mbí bric ar loch ag léimnigh,
Is cailín deas le bréagadh
Már Mháire Ní Mhaoileoin."

"An dtiocfaidh tú don teampall liom,
A Mháire Ní Mhaoileain?"
"Cad é a bheimis ag iarraidh ann,
A chuid den tsaol 's a stór?"
"Ag 's a stór?"isteacht le cantaireacht
Na ministrí bán Galltacha
Is go gcríochnóimis an cleamhnas ann
A phlúr na mban óg."

Do thug mé chun an teampaill í -
Mo chuid den tsaol 's mo stór;
Do thug mé chun an teampaill í -
Mo chreach 's mo chíle brón.
Do tharraing mé mo sciansa,
Do thug mé sá fán chioch di,
Is go lig mé fuil a croí lei
Go hiallacha a bróg.

"Cad é seo atá tú a dhéanamh,
A chuid den tsaol 's a stór?
Och cad é seo tá tú a dhéanamh,
A óganaigh óig?
Lig m'anam liom den scriob seo
'S ní éileoidh mé choiche 'ris tú,
Ach siúlfad na seacht riochta
Le do leanbh beag óg."

"Tiocfaidh an bás ar cuairt chugat,
Dhá uair roimh an lá
Is bainfidh sé cuntas crua dhiot
Faoi gach cluain a chuir tú 'r mhná
Beidh tú i seomra uaigneach,
Beidh bráilín bhán anuas ort,
'S nár mhaith an aithrí an uair sin
Dá mbeadh sí le fáil"

Thug mise don Bhóinn í -
Mo phlúr na mban óg:
Thug mise don Bhóinn í -
Mo chreach 's mo mhíle brón;
Do bhain mé diom mo chóta,
Mo stocaí is mo bhróga,
Is d'ealaigh mé sa cheo
ó Mháire Ní Mhaoileoin.


macsuibhne.com/amhran/