Ineacs

Foclir

Cruacha na hÉireann

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.gaelscoiltromaire.com/filiocht-page.html ]

Tá an samhradh ag sileadh a shéada,
Inniu ar fud Oileán na Naomh.
Tá an ghrian ag soillsiú go gleígeal,
'S ag líonadh le haoibhneas an tír.
Ó, is minic mé 'smaointiú ar filleadh,
Ar ais annsar cáirde mó chléibh;
Imeasc subhailcí sona mo chine,
'Na gcónaí fé Chruacha na hÉireann.

Curfá
Cruacha glas' na hÉireann,
'Lonnrú measc coillte craoibh.
Ó a charaid nach méanair,
Sinne fé dheire ag filleadh thar sáile.
Gaotha grinn dár seoladh,
Luascadh ar dhroim na mara;
Ó, ní fada go mbeimíd slán,
Sa bhaile fé chruacha na hÉireann

Is fada an lá é ó d'fhágamar
Ár mbaile 's ár muintir i mbrón
Ag dréim lenár bpócaí a líonadh
Thar sáile le hairgead is ór
Ó nach cuma má táimid ag filleadh
Gan pingin inár bpócaí faraor
Tá an sláinte go fóill inár gcnámha
Ag filleadh go cruacha na hÉireann

Curfá


macsuibhne.com/amhran/