Ineacs

Foclóir

Amhrán do Stiofán

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Fonn: "No Matter What" le Boyzone Focail: Marion Gunn http://www.egt.ie/ {le cead} )

[ http://www.google.ie/search?q=No+Matter+What ]

Curfá:
Is cuma cad a deir siad
Maidir le beart is briathar
Is cuma faoina dteagasc
Linne an lá sa deireadh thiar

Meabhraimis fios ár mbealaigh
Más cogadh ann de shíor
Meabhraigh an rud is tábhachtaí
Mar atá, duit féin bí fíor

Seasaim leis an rud is ceart
Dar liomsa, seachas cách,
Bíodh saol fada ann nó gearr
Sealbhaím an grá go brách

Dá mb'ionann gol is gáirí
Dá mb'ionann oíche is lá
Dá mb'ionann fáil is iarraidh
Chloisfimis guth Dé a rá

Curfá

Is mé do choimhde is do sciath
Is cumhachtaí tú dá chionn
As áit nach léir ach fásach
Tig aisling úr anonn

Pé ceannasaí a leanann siad
Pé áit a bhfuil a dtriall
Pé breith a thugaid orainn
Bainfeadsa an t-uaigneas díot

Más doineann nó más soineann dúinn
Más olc nó maith ár scéal
Is cuma cad is críoch dó
Ó chuir tú tús lem shaol

Cas amhráinín do Stiofáinín
Glac leis an saol go réidh
Ar ndóigh, ar ndóigh,
Beidh an grá ann amárach
Díreach mar a bhí inné

Is cuma cad


macsuibhne.com/amhran/