Ineacs

Foclóir

Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Tadhg Mac Dhonnagáin) http://www.futafata.com/

[ http://www.futafata.com/SolasGorm.html#Amhran ]
[ http://www.youtube.com/watch?v=0dOFOcKK0Lo ]
Bhí mise i ngrá le cailín tráth
Cailín a bhris mo chroí
An cailín ab áille ag siúl na sráide
A leithéidí ní fhaca tú riamh
Agus bheimís pósta agus sásta inniu
Bheadh páistí ar fud an tí
Ag gaeilgeoireacht ó dhubh go dubh
Murach a cuid gramadaí.

Ó mura bhfuil an tuiseal ginideach agat
Agus slacht ar do chuid 'h'eannaí
Níl suim dá laghad agam ionat
Mar is cinnte go mbrisfidh tú mo chroí
Ach más gaeilgeoir snasta blasta thú
Is má thuigeann tú cúrsaí gramadaí
Tar trasna na páirce móire chugam
Táim anseo i dtóin an tí.

Táim ag siúl an bhóthair uaignigh seo
Le fada fada an lá
Ag cuartú na mná gaelaí i ngach aon áit
Ach faraor, níl sí le fáil
Bean atá tugtha don tuiseal tabharthach
Bean a thuigeann na díochlaontaí
Bean a rachadh chun na leapan liom
Le Graiméar na mBráithre Críostaí

Óra mura bhfuil an tuiseal ginideach agat
Agus slacht ar do chuid 'h'eannaí
Níl suim dá laghad agam ionat
Mar is cinnte go mbrisfidh tú mo chroí
Ach más gaeilgeoir snasta blasta thú
Is má thuigeann tú cúrsaí gramadaí
Tar trasna na sráide caoile chugam
Táim anseo i dtóin an tí.

Mar sin más tú an cailín seo
Is má tá tú i do shaineolaí
Ar rangabháil na deacrachta
Gan trácht ar na tréaniolraí
Má bhaineann tú pléisiúr as na cosain chaola
Más maith leat an briathar saor
Tar liomsa a stóirín nó go n-éaloidh muid le chéile
Ach ar dtús, scrúdú beag gramadaí.

Óra mura bhfuil an tuiseal ginideach agat
Agus slacht ar do chuid 'h'eannaí
Níl suim dá laghad agam ionat
Mar is cinnte go mbrisfidh tú mo chroí
Ach más gaeilgeoir snasta blasta thú
Is má thuigeann tú cúrsaí gramadaí
Tar trasna na páirce móire chugam
Tar trasna na sráide caoile chugam
Tar trasna na leabharlainne ciúine chugam
Tar trasna na farraige gairbhe chugam
Tar trasna na carraige duibhe chugam
Tar trasna na liomanáide báine chugam
Táim anseo i dtóin an tí.

Bheimís pósta agus sásta inniu
Bheadh páistí ar fud an tí
Ag gaeilgeoireacht ó dhubh go dubh
Murach a cuid gramadaí.


macsuibhne.com/amhran/