Ineacs

Foclóir

RADHADLAM RAINDI

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Bhí divarsion aerach ar an aonach,
Mór chuid aeir is aoibhnis,-
Ceolta néata, spóirt is scléip sult,
Feoil á gleas' chun bidh ann;
Bhí whiskey 's ale ann,
Fíon Ghinéibhe, branda craorag bríomhar,
Plúra déis' arán sinséir
Is cáisis scales á dhíol ann,

curfá [chorus]
'S an radhadlam raindi, radhadlam raindi, radhadlam raindi réití -
Radhadlam raindi, radhadlam raindi
'S mallaithe dream ticéirí.

Bhí siúcra, síolta, 'gus risíní,
Míl na gcíor ag taoscadh,
Mórchuid fíona, feoil sicín,
'S ba shóil blas-chaoin an gravy
Bhí ann feoil druid' is naoscaigh.
Bhí salann 's leek ar anraith lao [laí]
Is cána á dhíol ar réal ann.

Bhí seanmhná críonna laga gan bhrí ann,
'S a dteanga go líofa ag bardaíocht,
Plucaireacht cainte acu le saint,
A gclann do dheighilt ón ardbhruíon;
Bhí bacaigh a dúich' ann, trick o' the loop,
Dob aibí do liúigh lucht cártaí,
Bhí dathacha i nglúine sheanduin 'n ghúta,
'S é ag eascain' ansiúd le hardchroí.


macsuibhne.com/amhran/